Register Adult Books Kids Xmas News Codee ft

Earnáil na Leabhar Gaeilge

Foinse Inspioráide. Foinse Cruthaitheachta

Tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán uile na hÉireann. Trína rannóg Clár na Leabhar Gaeilge cuireann Foras na Gaeilge scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge chun cinn. Bhí comhdháil againn ar na mallaibh a rinne scrúdú ar bhealaí chun méid léitheoirí reatha na leabhar Gaeilge a mhéadú. Ag leanúint ón gcomhdháil seo, tá scrúdú níos doimhne ar na saincheisteanna a tharraingíodh aníos ar siúl. Cuirfidh seo go léir le chéile oidhreacht shuntasach inbhraite ar fáil.

Mar chuid den obair seo, tá súil ghéar tugtha againn ar an bhfeachtas Leabhar na Bliana, a reáchtáiltear i gcomhair le hOireachtas na Gaeilge le cinntiú go bhfuil sé ceart do na glúnta foilsitheoirí, scríbhneoirí agus léitheoirí atá ag teacht chun cinn. Táimid chomh maith ag tabhairt faoi ócáid ar leith Nollag, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, leis an bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin rogha iontach leabhar Gaeilge atá ar fáil an Nollaig seo.

Tá an nascadh le croíthe agus pócaí ár léitheoirí barrthábhachtach. Le sin a dhéanamh ní mór dúinn táirgí agus seirbhísí níos fearr a sholáthar go fóill. Tá fócas leanúnach ar shármhaitheas ag teastáil le sin a chomhlíonadh, chomh maith le tiomantas na leabhair a léann daoine agus atá siad ag iarraidh a léamh a sholáthar.

The Irish Books Sector

A Source of Inspiration.  A Source of Creativity

Foras na Gaeilge is the body responsible for the promotion of the Irish language throughout the whole island of Ireland.  Through its department, Clár na Leabhar Gaeilge, it promotes Irish language writing, publishing and reading.  Most recently a conference was held to look at ways of increasing current readership numbers for Irish language books. Following on from this conference, a deeper exploration of the issues raised is underway. Taken together, this will provide a significant and tangible legacy

As part of this work, we have taken a critical look at the Book of the Year campaign, which is run in conjunction with Oireachtas na Gaeilge as a means of ensuring that it is right for emerging generations of publishers, writers and readers.  We are also undertaking specific Christmas events, with the support of the Arts Council in order to make the general public aware of the fantastic selection of Irish language books available this Christmas.

Connecting with the hearts and pockets of readers is the key.  To get there we have to continue to deliver better products and services.  That requires a continued focus on excellence and a commitment to provide books that people read and want to read.